Ná bac leis seo

Céard é an Riail Órga?

Céard é an Riail Órga?

Freagraíonn an Bíobla

 Níl an téarma “an Riail Órga” luaite sa mBíobla. Ach úsáidtear an téarma seo chun tagairt a dhéanamh don riail iompair a mhúin Íosa. Dúirt Íosa sa tSeanmóir cháiliúil ar an Sliabh: “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh.” (Matha 7:12; Lúcás 6:31). Cuirtear an Riail Órga in iúl ar an mbealach seo chomh maith: “Déan do dhaoine eile mar ba mhaith leat iad a dhéanamh duitse”—Encyclopedia of Philosophy.

 Céard is brí leis an Riail Órga?

 Spreagann an Riail Órga muid caitheamh le daoine, sa tslí chéanna ina mbeadh muid ag iarraidh go gcaithfí linn féin. Mar shampla, bíonn formhór na ndaoine buíoch nuair a chaitheann daoine eile go hómósach, go cineálta, agus go grámhar leo. Mar sin, ba chóir dúinn caitheamh “mar an gcéanna” le daoine eile.—Lúcás 6:31.

 Cén tairbhe atá sa Riail Órga?

 Is féidir an Riail Órga a úsáid i bhformhór cásanna. Mar shampla, is féidir leis . . .

 Tá an Riail Órga fite fuaite sa spiorad atá taobh thiar de chuid sin den Bhíobla ar a dtugtar an Sean-Tiomna. Seasann an riail iompar a bhí ag Íosa don “dlí [na chéad chúig leabhar sa mBíobla] agus na fáithe (na leabhair fháidhiúla).” (Matha 7:12) Sin le rá, gur ionann an Riail Órga agus bunphrionsabal an tSean-Tiomna: grá do chomharsa.—Rómhánaigh 13:8-10.

 An ionann an Riail Órga agus an dá pháirtí a bheith ag obair as lámh a chéile?

 Ní hionann. Is ar an bhflaithiúlacht a chuireann an Riail Órga béim. Nuair a luaigh Íosa an Riail Órga, ní amháin go raibh sé ag tagairt faoin mbealach le meas a léiriú ar dhaoine go ginearálta ach bhí sé ag tagairt faoi mheas a léiriú ar ár naimhde fiú. (Lúcás 6:27-31, 35) Mar sin, spreagann an Riail Órga muid chun an mhaith a dhéanamh do chách.

 Cén chaoi ar féidir leat an Riail Órga a chur i bhfeidhm?

  1.  1. Bí ag faire amach. Tabhair aird orthu siúd atá thart timpeall ort. Mar shampla, b’fhéidir go bhfeicfeá duine éigean ag streachailt leis an tsiopadóireacht, go gcloisfeá go bhfuil comharsa leat san ospidéal, nó go dtugann tú faoi deara go bhfuil lagmhisneach ar dhuine do do chomhoibrí. Nuair a bhíonn tú ag cuimhniú ar “leas na gcomharsana,” gheobhaidh tú deiseanna chun rud éigin cabhrach a rá nó a dhéanamh.—Filipigh 2:4.

  2.  2. Bí comhbhách. Cuir thú féin i mbróga an duine eile. Cén chaoi a mhothófá dá mbeifeá sa mbád céanna? (Rómhánaigh 12:15) Nuair a dhéanann tú iarracht mothúcháin dhaoine eile a thuiscint, d’fhéadfadh sé thú a spreagadh le cabhair a thabhairt dóibh.

  3.  3. Bí solúbtha. Cuimhnigh go bhfuil gach duine difriúil. B’fhéidir nach ionann an rud ba mhaith le daoine eile a bheith déanta dóibh agus an rud ba mhaith leatsa a bheith déanta duit. Mar sin, as na rudaí go léir a d’fhéadfá a dhéanamh, déan iarracht an rud is mó a thaitneodh le duine a roghnú.—1 Corantaigh 10:24.